featured, na Rosa, pleanáil teanga

Cruinniú faoin bhaile seirbhíse Gaeltachta – Gaeltacht service town meeting

Beidh an cruinniú tábhachtach seo ar siúl an tseachtain seo chugainn ar an Chlochán Liath. Beidh cainteoir ann ó Ghaillimh le Gaeilge, grúpa a oibríonn le gnólachtaí i nGaillimh atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá cáil bainte amach acu mar gheall ar an obair seo agus tá an Ghaeilge le feiceáil i siopaí na cathrach a bhuíochas lena ndea-obair.

Póstaer BSG - cruinniú eolais

This important meeting will take place next week. Gaillimh le Gaeilge have done tremendous work promoting the use of Irish by businesses in Galway city for some 30 years now, provinding translation and proof reading services, amongst many other projects that they run. Irish has a very visible presence in the city thanks to this, and the guest speaker will surely have lots of tips to share with us in the Rosses.

featured, na Rosa, pleanáil teanga

Sábhálaimis oifigí poist an limistéir – campaign to keep local post offices open

Mar a bheas cloiste ag go leor agaibh, tá baol ann go ndúnfar cuid de na hoifigí poist sa limistéar. Buille mór a bheadh anseo don phobal agus ar ndóiche, ní teanga go pobal! Tá eolas fa chuid de na feachtais len iad a choinneáilt foscailte anseo:

https://www.facebook.com/SaveLeitirPO/

https://www.donegalnow.com/news/burtonport-post-office-will-closed-year-end-unless-community-fights-back-says-cllr/244777

As many of you will have heard, it has been announced that some of the local post offices are set to close, although campaigns are being organised to resist this. As community vitality is so crucial to langugae planning, it is important that services such as these are kept in the area. The above links contain some information about the news and campaigns to keep them open.

post

na Rosa, pleanáil teanga

An phleanáil teanga ar bun go héifeachtach ag Gaeil Alban Nua – exemplary language planning in Nova Scotia

Seo físean iontach a thugann léargas ar an scéim máistear-printíseach, Bun is Barr, atá á reachtáil ag Gaeil Alban Nua i gCeanada – b’fhéidir go bhféadfaí plean den tsórt seo a reáchtáil sna Rosa amach anseo?!

Here’s a great video of the master-apprentice language learning scheme being applied in Nova Scotia in Canada, where a small community of native speakers of Scottish Gaelic survives. Maybe something similar could be run in Na Rosa in the future?!

Picture1
An Bradán Feasa: Brathach Ghaeil na hAlban Nua. The salmon of knowledge, the flag of Gaels in Nova Scotia
béaloideas, na Rosa, pleanáil teanga

Píosa béaloidis faoin gClochán Liath

Tá píosa deas faoi ainmniú an Chlocháin Léith anseo ar Tuairisc.ie inniu.

An interesting little bit of local folklore about the naming of an Clochán Liath

Sa tsean-am ní raibh droichead ar bith trasna ar abhainn na gCnoc. Ba ghnách leis na daoine ghabháil trasna ar na carraigeacha cúpla slat os cionn na háite a bhfuil an droichead anois. Bhí caonach liath ag fás ar na carraigeacha seo. Bhí ceárta, síbín agus cúpla teach ósta ann. Baisteadh an Clochán Liath ar an bhaile bheag.

Dungloe atá air i mBéarla ach seo mar a tháinig an t-ainm.

Bhí deartháir d’Ó Domhnaill as Dún na nGall ina chónaí cóngarach d’Ailt an Chorráin,  ‘An Dálach’  a bheirtí air. Bhí caisleán nó dún aige san áit sin, agus bhí bábhún buailteachais suas i Leitir Mhic a’ Bhaird ar an Chlochbhuaile. D’imigh an Dálach é fhéin agus a chuid fear suas lá amháin le seal seilge a dhéanamh ann. Níor fhág sé ina dhiaidh sa dún ach a bhean agus cúpla buachaill fásta.

Caidé a bhí ach taoiseach eile i Machaire Rabhartaigh agus ní raibh an bheirt ar na hóí lena chéile. Nuair a chuala an Rabhartach go raibh an Dálach as baile, chruinnigh sé trí lán báid dá chuid fear agus anoir ar bharr toinne leo an méid a bhí ina gcorp. Bhí sé ag brath an bhean d’fhuadach agus an dún a dhó. Tháinig siad i dtír ar an Chéideadh agus chuir triúr spíodóirí go dtí an dún le fios a fháil go raibh an Dálach ar ais.

Ach níor tháinig siad thar farraige nó i dtír i ngan fhios, chonacthas iad ón dún. Nuair a chuala an bhean an scéal, thosaigh sí ag smaoineamh caidé a dhéanfadh sí. Thug sí ordú don mhórsheisear searbhóntaí a bhí aici solas a chur i ngach aon fhuinneog agus an méid tormán is callán is gleo a thiocfadh leo a dhéanamh. Rinne siad sin. Nuair a tháinig na spíodóirí fá cheathrú míle don dún chonaic siad na soilse agus chuala siad an gleo. Chuaigh siad ar ais ’un na Céideadh agus d’inis don Rabhartach go raibh an Dálach is a cuid fear sa bhaile. Níor luaithe a chuala an Rabhartach seo ná d’ordaigh sé a chabhlach chun farraige agus ar shiúl leo chomh tiubh géar agus a tháinig leo ‘un na bhaile. Ba é clisteacht na mná agus an gleo a shábháil an dún. Ón lá sin amach tugadh Dún an Ghleo mar ainm air.

I ndiaidh tamall blianta tháinig daoine a chónaí fá na gleanntáin seo idir barr sléibhe agus Machaire Méilte. Ba iad sin ár sinsir ar chuir na Gaill ruaig orthu as na tailte maithe thart fá Dhoire agus Leitir Ceanainn i ndiaidh theitheadh na nIarlaí. Ba ag Dún an Dálaigh, sin dún an ghleo, a bíodh an t-aonach go dtí seo ach bhí cumhacht na nGall ag dul i laige agus líon phobal na Rosann ag dul i méid. Chonacthas do na daoine go raibh an Clochán Liath níba mhó i lár báire, agus ar an ábhar sin athraíodh an t-aonach aníos anseo. Ba é Dungloe an t-ainm a bhíodh ag na ceannaitheoirí Gallda air, agus lean an t-ainm sin an t-aonach, sin mar a tháinig Dungloe a bheith ina ainm Béarla ar an bhaile beag in áit Cloghanlee.

Faisnéiseoir: Seán Ó Ceallaigh,
Dúcharraig,
Co Dhún na nGall