featured, na Rosa, pleanáil teanga, pleanáil teanga na Rosann

Comhairleoir sa Phleanáil Teanga á lorg don bhaile seirbhíse Gaeltachta

Tá Forbairt na Rosann CTR/Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga an Chlocháin Léith ag lorg tairiscintí ó eagrais nó ó dhaoine aonair atá cáilithe i réimse na pleanála teanga le plean teanga a ullmhú don Chlochán Liath le go mbeidh ar a chumas aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta.  Beidh an té/eagras a roghnófar faoi stiúir an choiste chun staid reatha na Gaeilge ar an bhaile a mheas agus plean teanga a ullmhú i gcomhpháirtíocht leis an choiste dá réir.

Tuilleadh eolais agus Téarmaí Tagartha ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig, ptnarosann@gmail.com

Spriocdháta do thairiscintí:

Roimh 5.00 i.n. ar an Aoine 5ú Aibreán 2019.

fógra don BSG

 

featured, na Rosa, pleanáil teanga

Cruinniú faoin bhaile seirbhíse Gaeltachta – Gaeltacht service town meeting

Beidh an cruinniú tábhachtach seo ar siúl an tseachtain seo chugainn ar an Chlochán Liath. Beidh cainteoir ann ó Ghaillimh le Gaeilge, grúpa a oibríonn le gnólachtaí i nGaillimh atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá cáil bainte amach acu mar gheall ar an obair seo agus tá an Ghaeilge le feiceáil i siopaí na cathrach a bhuíochas lena ndea-obair.

Póstaer BSG - cruinniú eolais

This important meeting will take place next week. Gaillimh le Gaeilge have done tremendous work promoting the use of Irish by businesses in Galway city for some 30 years now, provinding translation and proof reading services, amongst many other projects that they run. Irish has a very visible presence in the city thanks to this, and the guest speaker will surely have lots of tips to share with us in the Rosses.