featured, na Rosa, pleanáil teanga, pleanáil teanga na Rosann

Dréacht den phlean anois ar fáil! Draft of plan now available!

Tar éis go leor oibre, tá ríméad ar an choiste go bhfuil muid anois in ann dréacht de Phlean Teanga na Rosann a chur ar fáil fá choinne comhairliúcháin phoiblí. Tá na bearta uilig a bheas sa phlean anois le léamh anseo agus beidh muid ag súil le bhur gcuid moltaí air a chloisteáil. Tá cóipeanna crua ar fáil i leabharlann an Chlocháin Léith agus in Ionad an Mhachaire fosta.

 

After a great deal of work the committee is pleased to announce that a draft of the Rosses’ Language Plan’s recommendations is now available for community consultation here. Hard copies can also be read in Dungloe library and in Ionad an Mhachaire. We will be looking forward to hearing your recommendations on the draft.

na Rosa, pleanáil teanga

An phleanáil teanga ar bun go héifeachtach ag Gaeil Alban Nua – exemplary language planning in Nova Scotia

Seo físean iontach a thugann léargas ar an scéim máistear-printíseach, Bun is Barr, atá á reachtáil ag Gaeil Alban Nua i gCeanada – b’fhéidir go bhféadfaí plean den tsórt seo a reáchtáil sna Rosa amach anseo?!

Here’s a great video of the master-apprentice language learning scheme being applied in Nova Scotia in Canada, where a small community of native speakers of Scottish Gaelic survives. Maybe something similar could be run in Na Rosa in the future?!

Picture1
An Bradán Feasa: Brathach Ghaeil na hAlban Nua. The salmon of knowledge, the flag of Gaels in Nova Scotia
béaloideas, na Rosa, pleanáil teanga

Píosa béaloidis faoin gClochán Liath

Tá píosa deas faoi ainmniú an Chlocháin Léith anseo ar Tuairisc.ie inniu.

An interesting little bit of local folklore about the naming of an Clochán Liath

Sa tsean-am ní raibh droichead ar bith trasna ar abhainn na gCnoc. Ba ghnách leis na daoine ghabháil trasna ar na carraigeacha cúpla slat os cionn na háite a bhfuil an droichead anois. Bhí caonach liath ag fás ar na carraigeacha seo. Bhí ceárta, síbín agus cúpla teach ósta ann. Baisteadh an Clochán Liath ar an bhaile bheag.

Dungloe atá air i mBéarla ach seo mar a tháinig an t-ainm.

Bhí deartháir d’Ó Domhnaill as Dún na nGall ina chónaí cóngarach d’Ailt an Chorráin,  ‘An Dálach’  a bheirtí air. Bhí caisleán nó dún aige san áit sin, agus bhí bábhún buailteachais suas i Leitir Mhic a’ Bhaird ar an Chlochbhuaile. D’imigh an Dálach é fhéin agus a chuid fear suas lá amháin le seal seilge a dhéanamh ann. Níor fhág sé ina dhiaidh sa dún ach a bhean agus cúpla buachaill fásta.

Caidé a bhí ach taoiseach eile i Machaire Rabhartaigh agus ní raibh an bheirt ar na hóí lena chéile. Nuair a chuala an Rabhartach go raibh an Dálach as baile, chruinnigh sé trí lán báid dá chuid fear agus anoir ar bharr toinne leo an méid a bhí ina gcorp. Bhí sé ag brath an bhean d’fhuadach agus an dún a dhó. Tháinig siad i dtír ar an Chéideadh agus chuir triúr spíodóirí go dtí an dún le fios a fháil go raibh an Dálach ar ais.

Ach níor tháinig siad thar farraige nó i dtír i ngan fhios, chonacthas iad ón dún. Nuair a chuala an bhean an scéal, thosaigh sí ag smaoineamh caidé a dhéanfadh sí. Thug sí ordú don mhórsheisear searbhóntaí a bhí aici solas a chur i ngach aon fhuinneog agus an méid tormán is callán is gleo a thiocfadh leo a dhéanamh. Rinne siad sin. Nuair a tháinig na spíodóirí fá cheathrú míle don dún chonaic siad na soilse agus chuala siad an gleo. Chuaigh siad ar ais ’un na Céideadh agus d’inis don Rabhartach go raibh an Dálach is a cuid fear sa bhaile. Níor luaithe a chuala an Rabhartach seo ná d’ordaigh sé a chabhlach chun farraige agus ar shiúl leo chomh tiubh géar agus a tháinig leo ‘un na bhaile. Ba é clisteacht na mná agus an gleo a shábháil an dún. Ón lá sin amach tugadh Dún an Ghleo mar ainm air.

I ndiaidh tamall blianta tháinig daoine a chónaí fá na gleanntáin seo idir barr sléibhe agus Machaire Méilte. Ba iad sin ár sinsir ar chuir na Gaill ruaig orthu as na tailte maithe thart fá Dhoire agus Leitir Ceanainn i ndiaidh theitheadh na nIarlaí. Ba ag Dún an Dálaigh, sin dún an ghleo, a bíodh an t-aonach go dtí seo ach bhí cumhacht na nGall ag dul i laige agus líon phobal na Rosann ag dul i méid. Chonacthas do na daoine go raibh an Clochán Liath níba mhó i lár báire, agus ar an ábhar sin athraíodh an t-aonach aníos anseo. Ba é Dungloe an t-ainm a bhíodh ag na ceannaitheoirí Gallda air, agus lean an t-ainm sin an t-aonach, sin mar a tháinig Dungloe a bheith ina ainm Béarla ar an bhaile beag in áit Cloghanlee.

Faisnéiseoir: Seán Ó Ceallaigh,
Dúcharraig,
Co Dhún na nGall

Uncategorized

Buntáistí an dátheangachais / Advantages of bilingualism

Ar ndóiche agus muid ag dul don obair seo faoin phleanáil teanga sna Rosa tá muid ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn siocar go gcreideann muid go bhfuil buntáistí móra ann do cheantar na Rosann de thairbhe a stádais agus a oidhreachta mar cheantar Gaeltachta. Ach ní thuigeann daoine i gcónaí cé chomh mór is atá na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas. Tá go leor taighde ann ó gach cearn den domhain a léiríonn na buntáistí seo, agus san fhíseán seo míníonn an tOllamh Antonella Sorace ó Ollscoil Dhún Éideann cuid de na firicí agus miotais a bhaineann le dátheangachas – go háiride don duine óg a fhaigheann an darna teanga sna luathbhlianta, bíodh sin sa bhaile nó i scoileanna tumoideachais. Gheobhaidh tú go leor cainteanna eile le hAntonella ar an ábhar seo ach a hainm a chuartú ar youtube.

Tá an tOllamh Sorace i gceannas ar an institúid Bilingualism Matters agus tá liosta acu de cheisteanna coitianta a bhíonn ag tuismitheoirí faoin dátheangachas anseo: http://www.bilingualism-matters.ppls.ed.ac.uk/parents-questions/frequently-asked-questions/

Those of us involved in language planning in the Rosses are committed to promoting Irish in the area on account of the wide variety of benefits (such as Údarás na Gaeltachta attracting Randox and the likes to the area, Irish as a “unique selling point” for tourism, and so on). But the full extent of the advantages of bilingualism are not always appreciated, even by Irish speakers. In this video Professor Antonella Sorace of the University of Edinburgh explains some of the facts and debunks some common myths to do with bilingualism. A quick youtube search will give you many videos of her giving talking about these matters in more detail.

Professor Sorace is head of the Bilingualism Matters centre in the University Edinburgh. The instiution’s website has an informative FAQ page that answers questions parents often have about bilingualism: http://www.bilingualism-matters.ppls.ed.ac.uk/parents-questions/frequently-asked-questions/ – well worth a look!

Uncategorized

Comhdháil faoin Phleanáil Teanga i nGaillimh

22728811_866051440228639_20319812549233316_nBeidh comhdháil faoin phleanáil teanga á heagrú ag an ngrúpa Teacht Aniar in Óstán na bhForbacha i nGaillimh ar an 25ú agus 26ú den mhí seo. 

Tabharfaidh an ócáid seo deis do dhaoine ar spéis leofa an phleanáil teanga nó atá páirteach i gceann de na coistí áitiúla cosúil le Pleanáil Teanga na Rosann chun teacht le chéile agus cainteanna a chloisteáil  ó shaineolaithe ar an phleanáil teanga. Dar leis na heagraithe seo iad na spriocanna atá ag an chomhdháil:

  • B’fhearr glacadh leis an gcomhdháil seo mar an chéad chéim i bpróiseas foghlamtha, cumasaithe agus slógaidh na rannpháirtithe
  • Go roinnfear an saineolas atá bailithe go dtí seo ag na coistí pleanála teanga
  • Go gcothófar comhghuaillíocht ina measc
  • Go ndéanfar cinneadh gréasán teangmhálacha a bhunú le comhordú a dhéanamh idir na grúpaí pleanála de réir mar a oireann
  • Go ndéanfar scrúdú ar na gnéithe eagsúla a bhaineann leis an bpleanáil teanga mar atá beartaithe.

Tá sé saor in aisce le freastal ar an ócáid, agus beidh ionadaí ó choiste Pleanála Teanga na Rosann i láthair. Tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://teachtaniar.eu/imeachtai/

There will be a conference about the language planning process in Conamara on the 25th and 26th of May 2018, with talks by language planning experts and workshops which will give those interested or involved in the language planning process. A representative from the Rosses language planning committee will be attendance, which is free – further information is on the website of the Teacht Aniar group who are organising the event: https://teachtaniar.eu/imeachtai/