Uncategorized

Gaeilge ar an Chlochán Liath á phlé ar ‘Barrscéalta’ / Use of Irish in an Clochán Liath discussed on Raidió na Gaeltachta

Ó tharla go bhfuil an Clochán Liath ainmnithe mar bhaile seirbhíse Gaeltachta, rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta rud beag taighde ar líon na ngnólachtaí sa bhailea bhfuil Gaeilgeoirí líofa fostaithe iontu. I measc na dtorthaí a bhí acu, fuair siad amach go bhfuil ar a laghad Gaeilgeoir amháin ag obair in 70% de ghnónna an bhaile – rud a bheas ina chúnamh mór do rath an phleanála teanga sa cheantar agus sna limistéir eile máguaird. Phléigh cathaoirleach choiste pleanála teanga na Rosann, Helena Mhic Laifeartaigh, Ben Ó Ceallaigh, an comhairleoir pleanála teanga agus Séamas Ó Gallachóir ó Údarás na Gaeltachta torthaí an tsuirbhé ar Barrscéalta le gairid.

Beidh an podchraoladh ar fáil anseo gan mhoill (19ú Aibreán): https://www.rte.ie/rnag/barrscealta/

With An Clochán Liath being recently announced as a Gaeltacht service town, RTÉ Raidió na Gaeltachta recently conducted a survey on the use of Irish in businesses in the town. Amongst the results, the survey found that 70% of the town’s businesses employ at least one fluent Irish speaker, a fact which will be of huge assistance to the implementation of the language plan for the Rosses and the surrounding areas. The Rosses language planning committee chairperson, Helena Mhic Laifeartaigh, the area’s language planning consultant Ben Ó Ceallaigh, and Séamas Ó Gallachóir from Údarás na Gaeltachta recently discussed the survey on RnaG’s Barrscéalta.

Podcast will be available here (19th April): https://www.rte.ie/rnag/barrscealta/

Uncategorized

Lá comhairliúcháin ar an 12 Márta – Consultation day on 12th March

Tá Coiste pleanála teanga na Rosann ag tabhairt cuiridh do spriocghrúpaí difriúla a bheidh an-tábhachtach do rath an phlean chun teacht chuig Ionad Teampaill Chróine ar an 12 Márta le páirt a ghlacadh i ngrúpaí fócais chun tuairimí na ngrúpaí seo faoi thodhchaí na Gaeilge sa cheantar a fháil. Tabharfaidh seo tuiscint níos doimhe dúinn ar riachtanais earnálacha éagsúla sa cheantar ná a fhaightear sna ceistneoirí atá á scaipeadh ar thithe an limistéir faoi láthair. Tá súil againn go bhfeicfidh muid go leor agaibh ar an lá!

póstaer.png

The Rosses language planning committee is inviting key target groups who will be particularly important for our language plan’s success to attend one of our focus groups on Monday 12th March. This will allow us a more detailed insight into the needs of specific sectors of the community than can be gained from the questionnaire currently being distributed to houses in the area. We hope to see many of you in Ionad Teampaill Chróine on the day!

Íoslódáil an póstaer i bhfoirm PDF anseo / click here for PDF of the event poster.

Uncategorized

An Phobalscoil ag tacú leis an Phleanáil Teanga!

Tá ceann dár meirgí nua le feiceáil go brodúil taobh amuigh den phobalscoil ar an Chlochán Liath! Beidh timirí ón idirbhliain sa scoil sin ag scaipeadh cheistneoir an phobail ar thithe an limistéir sna seachtainí ata romhainn.

An mhí seo líonfaidh na daltaí ar fad (agus ranganna a cúig is sé sna bunscoileanna áitiúla) suirbhé speisialta fosta  le cumas teanga, tuairimí agus mianta s’acu i leith na Gaeilge a thomhas. Beidh sé seo mar chuid  thábhachtach den taighde atá ar siúl againn do Phlean Teanga na Rosann. ‘Sí an óige an todhchaí!

20180207_110322.jpgOne of our new banners is now proudly on display outside the Rosses Community College in An Clochán Liath (Dungloe). Transition year students from the school will be delivering the community questionnaire to all houses in the area over the coming weeks.

All students in the community school – as well as 5th and 6th classes in the area’s primary schools – will also be completing a special schools’ questionnaire this month. This will measure students’ attitudes, abilities and desires for Irish in the area and will be an important part of the research we’re doing for the Rosses language planning project.