Tá Forbairt na Rosann CTR/Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga an Chlocháin Léith ag lorg tairiscintí ó eagrais nó ó dhaoine aonair atá cáilithe i réimse na pleanála teanga le plean teanga a ullmhú don Chlochán Liath le go mbeidh ar a chumas aitheantas a bhaint amach mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta. Beidh an té/eagras a roghnófar faoi stiúir an choiste chun staid reatha na Gaeilge ar an bhaile a mheas agus plean teanga a ullmhú i gcomhpháirtíocht leis an choiste dá réir.
Tuilleadh eolais agus Téarmaí Tagartha ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig, ptnarosann@gmail.com
Spriocdháta do thairiscintí:
Roimh 5.00 i.n. ar an Aoine 5ú Aibreán 2019.