featured, na Rosa, pleanáil teanga, pleanáil teanga na Rosann

Ócáid i nGaoth Dobhair / Event in Gaoth Dobhair

Tá an grúpa ceannródaíoch Teacht Aniar ag eagrú ócáide thábhachtach i nGaoth Dobhair ar an 1/2ú Feabhra. Má tá suim agat i gcur chun cinn na teanga agus san fhorbairt phobail b’fhiú go mór freastal air seo. Is iad Teacht Aniar a spreag bhunú na heagraíochta stocaireachta nua a fheidhimíonn mar scáthghrúpa do na coistí pleanála teanga uilig, An Ghaeltacht Bheo.

teacht aniar 2

The innovative group Teacht Aniar ar organising an important even in Gaoth Dobhair on the 1st and 2nd of February for those interested in community development and language promotion – well worth attending for all those interested in this important work!

PDF den phóstar anseo más mian leat cóip a phriontáil le crochadh go háitiúil / PDF of poster available to print here: Bileog Theacht Aniar Eanáir 2019

 

Uncategorized

Comhdháil faoin Phleanáil Teanga i nGaillimh

22728811_866051440228639_20319812549233316_nBeidh comhdháil faoin phleanáil teanga á heagrú ag an ngrúpa Teacht Aniar in Óstán na bhForbacha i nGaillimh ar an 25ú agus 26ú den mhí seo. 

Tabharfaidh an ócáid seo deis do dhaoine ar spéis leofa an phleanáil teanga nó atá páirteach i gceann de na coistí áitiúla cosúil le Pleanáil Teanga na Rosann chun teacht le chéile agus cainteanna a chloisteáil  ó shaineolaithe ar an phleanáil teanga. Dar leis na heagraithe seo iad na spriocanna atá ag an chomhdháil:

  • B’fhearr glacadh leis an gcomhdháil seo mar an chéad chéim i bpróiseas foghlamtha, cumasaithe agus slógaidh na rannpháirtithe
  • Go roinnfear an saineolas atá bailithe go dtí seo ag na coistí pleanála teanga
  • Go gcothófar comhghuaillíocht ina measc
  • Go ndéanfar cinneadh gréasán teangmhálacha a bhunú le comhordú a dhéanamh idir na grúpaí pleanála de réir mar a oireann
  • Go ndéanfar scrúdú ar na gnéithe eagsúla a bhaineann leis an bpleanáil teanga mar atá beartaithe.

Tá sé saor in aisce le freastal ar an ócáid, agus beidh ionadaí ó choiste Pleanála Teanga na Rosann i láthair. Tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://teachtaniar.eu/imeachtai/

There will be a conference about the language planning process in Conamara on the 25th and 26th of May 2018, with talks by language planning experts and workshops which will give those interested or involved in the language planning process. A representative from the Rosses language planning committee will be attendance, which is free – further information is on the website of the Teacht Aniar group who are organising the event: https://teachtaniar.eu/imeachtai/