Fúinn

Ag obair fa choinne bhuanú agus mhéadú na Gaeilge mar theanga phobail i Limistéar Pleanála Teanga na Rosann.
Tá ionadaithe ó ghrúpaí, coistí pobail agus eagraíochtaí áitiúla ar choiste Pleanála Teanga na Rosann.


Beidh muid ag castáil le achan ghrúpa, ghnó agus le pobal an pharóiste ar fad ó seo go deireadh na bliana le tuairimí agus moltaí an phobail a fháil le plean teanga éifeachtach a ullmhú.


Beidh muid ag iarraidh ortsa do chuid tuairimí fa choinne na Gaeilge sa cheantar a roinnt linn. Is fearr a éireoidh linn dá bharr na seirbhísí atá de dhíth orainn uilig a lorg in sna Rosa.

Ár n-Aidhm

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, caithfidh gach ceantar Gaeltachta Plean Teanga a ullmhú má tá siad ag iarraidh fanacht mar chuid den Ghaeltacht.

Beidh stádas Gaeltachta ag brath ar phlean teanga a aontú le Roinn na Gaeltachta agus ní ar bhonn tíreolaíochta, mar atá sé faoi láthair. 

BRAITHEANN ÁR STÁDAS GAELTACHTA AR RATH AN PHLEAN TEANGA SEO.

Gan stádas Gaeltachta…

Chaillfí postanna agus tacaíochtaí Gaeltachta. Dhéanfaí dochar do na Coláistí Samhraidh agus do shochar eacnamaíochta don cheantar máguaird. Chaillfeadh muid fosta cuid lárnach d’oidhreacht chultúrtha an cheantair

Buail Lenár bhFoireann

Seo iad na daoine a oibríonn le pleanáil teanga na Rosann

Mary Ó Brien

Oifigeach PT Na Rosann

BRAITHEANN ÁR STÁDAS GAELTACHTA AR RATH AN PHLEAN TEANGA SEO.

Íoslódáil
Important documents

Agus muid ag fanacht seo chugaibh thíos roinnt cáipéisí tábhachtacha ag baint le LPT Na Rosann

Fógra Poist

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga do Bhaile Seirbhíse an Chlocháin Léith á thairiscint ag Forbairt na Rosann CTR.

Plean teanga

Baile Seirbhíse Gaeltachta An Chlocháin Léith – Geimhreadh 2020

Lean muid ar na Meáin!

Tá LPT Na Rosan beo ar Facebook, Instagram agus Twitter

nó…